NA MEÁIN

Am cinniúnach don Ghaeilge – Ó Cuív

‘Is am cinniúnach é seo ó thaobh na Gaeilge de’ a dúirt an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD agus é ag oscailt Tóstal na Gaeilge 2010 go hoifigiúil i nGaillimh ar Dé hAoine.  Dhírigh Tóstal na Gaeilge isteach ar conas a chuirfear i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Dar le Ó Cuív, go mbeidh an Straitéis ina ‘léarscáil bóthair’ don Ghaeilge don fiche bliain romhainn, agus go mbeidh an Rialtas ag díriú ar an bpleanáil fad-téarmach don Ghaeilge a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc, go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann fiche bliain.

Ar dhuine de phríomhchainteoirí an Tóstail bhí an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff sa Bhreatain Bheag.  Thug an tOllamh Williams léargas ar straitéis teanga náisiúnta na Breataine Bige, Iaith Pawb. Luaigh Williams gur trí reachtaíocht, tionscnaimh oideachasúla agus cur chun cinn na teanga sa phobal a bhí i gceist ollsprioc na straitéise líon na gcainteoirí laethúla Breatnaise a mhéadú de 5% faoin bhliain 2011 a bhaint amach.  Phlé Dr Conchúr Ó Giollagáin, OÉ, Gaillimh agus Dr Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ‘Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain’.  Dhírigh siad ar cheist na hinmharthanachta sa Straitéis, chomh maith le réaltacht agus idé-eolaíocht an dátheangachais.  Aithníodh na deacrachtaí a bhaineann leis an Straitéis, agus tugadh moltaí maidir leis an Straitéis a thabhairt chun feabhais.  Thug Dr Brian Ó Curnáin léiriú spéisiúil ar an nGaeilge laghdaithe i nGaeltachtaí na tíre.  Bhí painéal d’aoichainteoirí aitheanta i láthair chun ceisteanna a fhreagairt ón urlár maidir le tosaíochtaí chur chun cinn na Gaeilge sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus sa fadtéarma. 

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na gcainteoirí ar an bpainéal bhí: An Seanadóir Labhrás Ó Murchú; léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh Dr Conchúr Ó Giollagáin; an taighdeoir agus an gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉallaithe; Leas-urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, TD; chomh maith le hUrlabhraí ar Ghnóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, TD.

Ag caint ag Tóstal na Gaeilge dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, go bhfuil súil aige ‘gur fiche bliain fáis a bhéas i dtréimhse na Straitéise a thabharfaidh muid ar an aistear fada “Ó Aidhm go Feidhm”.’

Ina hachoimre ag deireadh an Tóstail, mheabhraigh Dr Helen Ó Murchú, Cathaoirleach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge do na rannpháirtithe tábhacht a ndúirt an tAire Ó Cuív – gur fúinne a bhí cineál na sochaí a athmhúnlú agus a athchruthú chun leasa an phobail i gcoitinne. Dar léi, is i dteannta a chéile, áfach, a chaithfear sin a dhéanamh. Ionadaithe Stáit, forais leathstáit, an earnáil dheonach Ghaeilge agus pobail na Gaeilge ag pleanáil agus ag saothrú mar chomhpháirtnéirí i bhfiontar na teanga d’fhonn an Straitéis 20 Bliain a fhíorú.

Beidh físeán d’imeachtaí uile an Tóstail ar fáil ar líne ag www.tostal.ie gan mhoill.

Tuilleadh Eolais:
Kevin De Barra, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. eolas@gaelport.com / 01 6794780 / 085 1250959